An Seanchas Cois Tine Fadó

le Séamas Reddiough

Sna sean laethanta, is iomai oiche a chaithfheadh na daoine cois tine sa teaglach ag caint agus ag seanchas ar feadh an tráthnoóna. Tá mo mhameo básaithe agus imithe ar shlí na fírinne le breis is seacht mbliana ach tá an scéalaíocht fós i m’aigne. I gcónaí bhiodh slua mór daoine ar chuairt sa teach seo againne agus bhi siad chomh greannmhar sin agus ba mhór an spórt iad.

Thagaidis ar oiche de Domhnaigh agus ansin a thosaoidis an ceol agus an craic agus an seanchas thart ar a naoi a chloig. Bhíodh chuile dhuine ag insint scéalta agus bhíodh amhrán nó dhó ina measc chun cúrsaí a choinneáil ag imeacht.

Bhi an-mheas ag na seandoine do na daoine maithe nó an Sí agus bhiodh go leor scéalta ag déanamh cur sios ar na tréithe a bhaineann leo agus na heachtraí a bhaineann leo. Bhi an-mheas go deo ag na feirmeoirí ar an Lucht Sí agus ni chuirfidis bac no a leithid I mbealach na síthe mar bhiodh faitíos orthu rompu.

Blianta ó shin bhíodh fear ó Ghlann Dubh ag teacht ar chuairt chuig an teach; b’shin é an aimsir ina raibh mo shin shean athair beo fós; agus d’inis sé an scéal faoin am a bhi sé ag cur bataí sa bhearna agus duirt sé leis an Lucht Sí dá mbeinnse i bhur mbealach inis dom é agus ni chuirfidh mé aon rud, ansin agus ansin mura dtarladh aon cheo bheadh sé sásta leanúint ar aghaidh leis an obair.

Bhí scéal faoi bhean a chaith uisce salach amach san oíche gan rabhadh a chur ar na daoine maithe agus chas a chloigeann an bealach mí-cheart agus bhí uirthi an lá dar gcionn paidir a rá sa chaoi is go mbeadh sí ceart aris. Bhí go leor scéalta mar sin sa bhéaloideas.
Bhi go leaor síóga thart timpeall na liosanna agus bhiodh soilse ag dul ó lios go lios agus chreid na daoine aosta iontu agus ba mhinic a bhiodh siad ag caint futhu. Bhi an fóidín na mearaibh chomh maith agus théadh an duine ar fánai sa lios nó ar an spota agus bhiodh orthu an seacéid a chasadh chun éalú ó fhóidín na mearaibh.

Ar chuala sibh caint ar an bhféar gortach? Áit ina fuair duine bás ón ocras aimsir an Ghorta Mhóir agus dá dtárlodh sé gur sheas tú ar an spota sin bheul, bhíodh ocras ar an duine agus i gcónai bhíodh píosa aráin nó bia acu chun an láimh is fear ar an ocras a fháil.

Á muise, bhíodh go leor scéalta ag na daoine agus bhi bua na cainte ag cuid mhaith acu. Nuair a tháinig Máirtín Ó Cadhain chun an bhaile fearainn i 1957 chaith sé uair is píosa lena chois ag caint le fear amháin ón ndúiche faoin méid a thit amach san sean aimsir agus bhí go leor cainte faoin seanchas a bhainean leis na síóga – dream iontu féin a dúirt an fear futhu. Bhí ceithre scór de bhlianta slánaithe aige faoin mbliain 1957!